12 rud ar fiú do thuismitheoirí iad a thuiscint, maidir le clann a thógáil go dátheangach

by | Oct 13, 2014 | In other languages, Irish | 1 comment

12 rud ar fiú do thuismitheoirí iad a thuiscint, maidir le clann a thógáil go dátheangach1 – Ní “le draíocht” a tharlaíonn sé

Ní shealbhaíonn páistí dhá theanga “le draíocht”.  Samhlaítear go forleathan go bhfuil “páistí ar nós spúinsí ó thaobh teangacha de” agus go bhfoghlaimeoidh siad gach teanga a chloiseann siad go rialta.  Níl sé seo fíor.  Má tá na cúinsí i gceart, cinnte fásfaidh páistí aníos ag sealbhú teangacha an teaghlaigh go nádúrtha, ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de seo.

2 – Is gá plean a bheith agaibh

Chun go n-éireoidh libh páistí dátheangacha a thógáil, caithfidh sibh plean a bheith agaibh. Cén leibhéal líofachta a theastaíonn uaibh do na páistí?  Cad faoi léamh agus scríobh?  Cé agaibh a labhraíonn cé acu teanga agus cathain a labhraíonn sibh í?  Pléigí na ceisteanna seo leis an teaghlach agus aontaígí ar na spriocanna.

3 – Tá an chomhsheasmhacht ríthábhachtach

Agus plean agaibh, caithfidh an teaghlach bheith tiomanta ina leith agus úsáid na dteangacha a chleachtadh go comhsheasmhach.  Cinnte, sealbhóidh páistí na teangacha fiú má mheascann na tuismitheoirí a dteangacha leo, ach tá an dainséar ann go roghnóidh siad, ag pointe áirithe, cloí leis an mórtheanga, má tá taithí acu ar thuismitheoir na mionteanga a chloisteáil ag athrú go dtí an mhórtheanga.

4 – Tabhair aird ar aga na teagmhála

Agus plean agaibh, caithfidh sibh aird a dhíriú ar an méid teagmhála a bhíonn ag an gclann leis na teangacha éagsúla. Moltar go mbeadh teagmháil ag an bpáiste le teanga ar feadh 30% den lá, ar a laghad, chun í a shealbhú.  Níl anseo ach treoir – braitheann an t-am a thógann sé ar pháistí teanga a shealbhú, ar an saghas teagmhála a bhíonn acu léi.

5 – Caithfidh sibh am a chaitheamh leis an tionscnamh (agus airgead freisin, b’fhéidir)

Caithfidh sibh a chinntiú go bhfuil raidhse ama agaibh labhairt leis na páistí, léamh leo, agus acmhainní a aimsiú a chabhróidh leo an teanga a fhoghlaim.  Seans go mbeidh oraibh laethanta saoire a chaitheamh in áiteanna a spreagfaidh na páistí chun an teanga a labhairt.

6 – Beidh daoine ann nach n-aontóidh libh

Ní aontóidh gach duine libh gur maith an smaoineamh é páistí a thógáil le teangacha uile an teaghlaigh.  Déarfaidh roinnt daoine libh gur cur amú ama é, nach n-oibreoidh sé.  Sílfidh daoine eile go bhfuil sibh ag cur brú ar na páistí agus déarfaidh daoine eile go bhfuil na teangacha uile ag cur mearbhaill ar na páistí.  Scaoiligí tharaibh lucht an amhrais ach maithigí dóibh é, mar ní thuigeann siad an scéal i gceart.


7 – Ná héistigí le drochchomhairle

Seans, uair éigin, go molfaidh duine gairmiúil daoibh éirí as teanga ar leith a labhairt le bhur bpáistí. Má tá amhras oraibh faoi fhorbairt teanga pháiste, labhair le saineolaí a bhfuil taithí aige/aice ar an dátheangachas.

8 – Ní i gcónaí a bheidh sé éasca

Is iomaí dúshlán a bheidh romhaibh ar an turas ilteangach seo – seachas lucht an amhrais agus na “saineolaithe” nach bhfuil an t-eolas ceart acu, beidh bacainní seanchaite eile romhaibh: an mbeidh sibh in ann cloí leis an bplean nuair a athraíonn cúrsa an tsaoil gan choinne daoibh – cúinsí athraithe teaghlaigh, aistriú tí, arduithe céime, tionchar daoine eile agus mar sin de?  Má bhíonn deacrachtaí agaibh, iarraigí comhairle agus cúnamh.

9 – Seans go bhfreagróidh do pháiste tú sa teanga “mhícheart”

Is don tuismitheoir mionteangach is minicí a tharlaíonn sé seo.  Síleann tú go bhfuil gach rud déanta i gceart agus go comhsheasmhach agat, ach fós, filleann do pheata beag ón scoil lá agus ní fhreagróidh sé/sí tú a thuilleadh i do theanga féin. Braithfidh tú díomách dubhach má tharlaíonn sé seo ach tá sé ríthábhachtach nach n-éireofá as, ag an bpointe sin. Bí comhsheasmhach agus méadaigh, más féidir, aga teagmhála na teanga.

10 – Bainfidh an chlann an-leas as an dátheangachas

Má tá sibh fós amhrasach faoin gclann a thógáil go dátheangach, léigí anseo faoi na tairbhí móra  a bhainfidh na páistí as bheith dátheangach, más é sin bhur gcinneadh. Déanaimid uile ár ndícheall chun tacú lenár bpáistí – cén fáth nach dtabharfadh sibh bua an ilteangachais dóibh?

11 – Ní cúis aiféala riamh daoibh an cinneadh seo

Geallaim daoibh, ní bheidh aiféala oraibh riamh gur chloígh sibh leis an gcinneadh agus gur fhás na páistí aníos ag labhairt teangacha uile an teaghlaigh.  Ar an lámh eile de, is iomaí tuismitheoir a bhfuil aiféala orthu nár roinn siad a dteanga féin leis na páistí, agus ar ndóigh, is iomaí duine fásta a bhfuil brón orthu anois nár fhoghlaim siad teanga a n-athar nó a máthar uathu agus iad óg

12 – Is cúis bhróid í

Beidh bród an domhain oraibh nuair a labhraíonn bhur bpáistí, den chéad uair, lena mamó nó lena daideo nó le gaolta eile ina dteanga féin. Níl aon dabht faoi, is díol mórtais é.  Ní oraibhse amháin a bheidh an bród, ach ar na páistí freisin agus ar an teaghlach iomlán.  Tuigfidh teaghlaigh eile gur féidir leo bhur samplasa a leanúint.

Go n-éirí libh.

Rita

© Rita Rosenback 2014
—————————

Translation by An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Original English post: 12 things parents raising bilingual children need to know.

Never miss a post! Sign up to the Multilingual Parenting newsletter and I will send you a recap of the week’s posts every Sunday. Every second week you will receive a more extensive issue with links to research articles and interesting posts from other writers, as well as handy tips and ideas! Want to read more like this? My book Bringing up a Bilingual Child is available on Amazon and in well-stocked bookshops. Do you have a specific question? You can send it to our team of Family Language Coaches and we will reply in a Q&A (questions are answered in order of arrival). If you are interested in tailor-made family language coaching, please, contact me and I will send you a proposal.

1 Comment

  1. Máire Nic Mheanman

    Agus maidir leis an dream a déarfaidh libh gur cur amú ama é ag iarraidh a bheith dátheangach, is fiú cuimhneamh go gcuidíonn labhairt an dara teanga le gasúir agus iad ag iarraidh teangacha eile a fhoghlaim ar ball. Ní hé go bhfuil rialacha teanga na Gaeilge ar aon dul le rialacha teanga na Fraincise, na Gearmáinise, srl – mar tríd is tríd níl – ach cuidíonn cumas sa dara teanga le hoibriú intinne foghlaimeoirí agus iad ag dul ngleic le teangacha eile: aithníonn a n-intinn go bhfuil slite eile ann le nithe a chur in iúl, ní bheidh an drogall céanna orthu gothaí na teanga eile a ghlacadh chucu féin agus is fearr an seans go mbedih siad sásta iarracht a dhéanamh í a labhairt i gceart.

    Reply

Trackbacks/Pingbacks

  1. 12 things parents of bilingual children need to know - […] 12 things parents of bilingual children need to know - Irish says: October 13, 2014 at 2:48 pm […]

Submit a Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.